Stair an Naíonra

Balla_Amuigh compressed.jpg
 

Bhunaigh Peig Uí Chaollaí Naíonra Naíthí sna 1970 idí ina teach féin i mBaile Átha Cliath. Is cainteoir dúchasach Gaeilge í Peig ó Chonamara, le cúlra in oideachas Montessori.

Bhí baint láidir aici leis An gComhchoiste Réamhscolaíochta ónar bhunaíodh é. Bunaíodh an eagraíocht seo chun oideachas réamhscolaíochta a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge agus bunaíodh an téarma 'Naíonra'. Bhí sé mar aidhm aici Naíonra a chur ar fáil - timpeallacht sábáilte, sona agus cáirdiúil do leanaí óga i gCeantar Naithí.

Agus Naíonra Naithí ag fás tháinig sé faoi thionchar 'Comhlucht Gaeloideas Naithí Teo.' (Comhlacht Teoranta, carthanacht cláirithe agus máthaireagraíocht Scoil Naithí, Baile an tSaoir) agus bhog sé go Ionad na nGasóga i Rath Fearnáin. Lean fás agus forbairt Naíonra Naithí ar aghaidh faoi chúram Peig agus Annette de Paor a bhí taithí aici in oideachas réamhscolaíochta, oideachas Montessori agus ag obair le páistí lagéisteachta.

Faoi dheireadh i 1993 le tacaíocht na dtuismitheoirí bhog Naíonra Naithí go dtí an suíomh álainn ina bhfuil sí lonnaithe sa lá atá inniu ann ar champas Scoil Naithí.