An Naíonra:

Cuireann Naíonra Naithí oideachas réamhscoile ar fáil trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht fháilteach, shona, shábháilte agus cairdiúil. 

Díríonn Naíonra Naithí ar fhorbairt iomláin an pháiste trí mheán an tsúgartha, faoi chúram foireann ard-cháilithe a bhfuil taithí na mblianta acu. 
Sa Naíonra is féidir leis an bpáiste an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha agus an Ghaeilge atá acu a shaibhriú.

Feidhmiú:

Freastalaíonn Naíonra Naithí ar dhá sheisiún sa lá, le cóimheas1:5, nó duine fásta in aghaidh gach cúigear páiste. 
Bíonn an chéad seisiún ar siúl ó 8:20 r.n. go 11:20 r.n. agus an dara seisiún ó 11:30 r.n. go 2:30 in.   

Suíomh:

Tá Naíonra Naithí suite i mBaile an tSaoir i gcroílár 'Ceantar Naithí' - ceantar ina bhfuil Dún Droma, Baile an Teampaill, Baile an tSaoir agus Rath Fearnáin lonnaithe - i nDeisceart Baile Átha Cliath. Tógadh Naíonra Naithí leis an sainchuspóir bheith ina Naíonra ar thailte Scoil Naithí. 

 

Seoladh: Naíonra Naithí
                   Scoil Naithí,
                   Bóthar Átha Leathan,
                   Baile an tSaoir,
                   Baile Átha Cliath 16.

  Fón:   01-2961610.

  Ríomhphost:  eolas@naionranaithi.ie