Polasaí an Naíonra
- Seirbhís Naíonra d’ardchaigdeán a chur ar fáil do pháistí idir 3 agus 5 bliana d’aois. 
- Tá sé mar pholasaí ag an Naíonra seo timpeallacht taithneamhach, spreagúil, tacúil, fáiltiúl, sláintiúil, sábháilte a chur ar fáil do gach páiste. 
- Beidh sé mar phríomhfheidhm ag an Naíonra : - Naíonra a reachtáil trí mhéan na Gaeilge. 
- Deis agus tacaíocht a thabhairt don pháiste óg an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha. 
- Cabhrú le forbairt iomlán an pháiste a chur chun cinn trí mhodh an tsúgartha, ag tacú le ról na dtuismitheoirí i bhforbairt agus in oideachas an pháiste. 
- Deiseanna comhionannais a chur chun cinn do gach páiste. 
- Seirbhís tacaíochta d’ardchaighdeán a sholáthar do thuismitheoirí 
 

