Nuacht an tSamhraidh

Is cosúil go bhfuil grúpa beag eolaithe againn anseo sa Naíonra. Chuir na páistí bleibíní gladioli & síolta bláth gréine. D’fhéach muid ar ár dtorbáin bheaga ag fás isteach ina bhfroganna agus ar ár gcruimh cabáiste ag iompú go féileacáin áille. Bhí muid ar bís ag fágáil slán leo sa gháirdín.

Bhí an t-ádh linn ar cuairt chuig fherm Gleann Rua i mí an Bhealtaine.

Bhí an Naíonra agus an gairdín lán le canadh, gáire agus spraoi – ag cur eitleoga ag eitilt, ag séideadh boilgeog, ióga, damhsa, tógáil, dreapadóireacht, saorshúgradh, paraisiúit agus dar ndóigh Picnic Teidí.

Ní chreideann muid go bhfuil sé in am slán a fhágáil libh, guímid samhradh sona ar na páistí beaga agus ar a gclanna ar fad.

NUACHT NÍOS SINE