RGCS - Ráiteas Príobháideachais Naíonra Naithí

Is mian linn a chinntiú go bhfuil muid trédhearcach maidir leis na sonraí pearsanta a bhailíonn muid i leith na bpáistí atá faoinár gcúram, i dtaobh:

1.       Cén t-eolas atá á bhailiú againn,

2.       Cén fáth go lorgaíonn muid é,

3.       Conas a fhaigheann muid é,

4.       Conas a choimeádann muid an t-eolas,

5.       Cé chomh fada is a mbeidh sé á choimeád againn,

6.       Cé leis gur féidir linn é a roinnt, agus

7.       Na cearta atá agat agus ag do pháiste ina leith.

Glactar leis agus do pháiste cláraithe le freastal ar Naíonra Naithí, go dtugann tú do chead don Naíonra sonraí pearsanta maidir leatsa,  agus le do pháiste, a phróiseáil.

Cén t-eolas atá á bhailiú againn?

Is éard atá i gceist le sonraí pearsanta ná:

·         Ainm, seoladh agus dáta breithe do pháiste

·         D’ainm, do sheoladh, d’uimhir PPS, agus do shonraí teagmhála – fón agus ríomhphost

·         Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) do pháiste

·         Eolas maidir le riachtanais shláinte agus leighis do pháiste*

·         Eolas maidir le teanga(cha) do pháiste

·         Sonraí teagmhála na ndaoine fásta a bhfuil cead acu do pháiste a bhailiú ón Naíonra

·         Taifead breathnadóireachta ar fhorbairt iomlán do pháiste.*

*Is sonraí pearsanta íogaire a bheadh i gceist leis na nithe thuas.

Cén fáth a lorgaíonn muid na sonraí seo?

Lorgaíonn muid an t-eolas le go mbeidh muid in ann freastal cuí a dhéanamh ar do pháiste sa Naíonra agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leat mar thuismitheoir/caomhnóir/ionadaí an pháiste. Cuirtear cúram agus leas do pháiste chun cinn i gcónaí inar bpolasaithe, agus lorgaíonn muid an t-eolas seo le cinntiú go mbeidh muid in ann gach tacaíocht a éileamh dó/di, aire a thabhairt dá riachtanais foghlama, sláinte, teanga, cultúrtha agus eile, agus do pháiste a choinneáil slán, sona agus sábháilte.

Conas a fhaigheann muid an t-eolas seo?

Lorgaíonn muid an t-eolas tríd an bhFoirm Chlárúcháin, agus an Comhaointú maidir le Cóir Leighis,

a chomhlánaítear le do pháiste a chlárú linn,

agus ar an bhFoirm Iarratais a chomhlánítear le do pháiste a chur ar Liosta Feithimh an Naíonra.

Bailítear sonraí, freisin, nuair a chlárítear do pháiste le bheith páirteach sa Scéim um Chúram agus Oideachas

na Luath-Óige (ECCE)

Conas a choimeádann muid an t-eolas?

Déantar an t-eolas a phróiseáil agus a choimeád go sábháilte i Naíonra Naithí, Bóthar Átha Leathan, BÁC 16

Coimeádfar cúltaca as an láthair laistigh den LEE.

 

Cé chomh fada is a mbeidh an t-eolas á choimeád againn?

Is gá dúinn an t-eolas a choimeád ar feadh tréimhse 2 bhliain i ndiaidh do do pháiste an Naíonra a fhágáil. Dá dtarlódh sé go mbeadh gá eolas ar leith a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná sin, pléifear an chúis agus fad na tréimhse leat.

Is gá dúinn eolas maidir le timpistí agus eachtraí a tharla sa Naíonra féin a choinneáil go dtí go mbeidh an páiste 21 bhliain d’aois.

Scriosfar gach eolas go buan nuair a bheidh na tréimhsí lena mbaineann istigh.

Cé leis gur féidir linn an t-eolas a roinnt?

·         Túsla

·         An Roinn Leanaí & Gnóthaí Óige

·         An Roinn Oideachais & Scileanna

·         Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte

·         An Garda Síochána

·         Pobal

·         Na Coimisinéirí Ioncaim

·         Gaeloideachas

 

Cad iad na cearta atá agat ina leith?

Tá eolas an-chuimsitheach maidir le do chearta ar fáil ar shuíomh an Choimisinéara Cosanta Sonraí, www.gdprandyou.ie. Moltar duit an leabhrán treorach atá foilsithe acu i dtaobh Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a léamh go cúramach. Go beacht, seo thíos na cearta atá agat:

1.       An ceart tú a bheith curtha ar an eolas (mar atá sa litir seo)

2.       An ceart rochtain a bheith agat ar do shonraí

3.       An ceart ar cheartú míchruinnis

4.       An ceart go scriostar faisnéis

5.       An ceart ar iniomparthacht sonraí

6.       An ceart cosc a chur ar mhargaíocht dhíreach

7.       An ceart cosc a chur ar chinnteoireacht agus próifíliú uathoibrithe

Tá cóip de “Polasaí Naíonra Naithí i dtaobh Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí” ar fáil sa Naíonra.