Cad is Naíonra ann?

'Séard atá i gceist le Naíonra ná grúpa páistí 3-5 bliana ag teacht le chéile le Stiúrthóir chun oideachas réamhscolaíochta a thabhairt don pháiste trí mheán na Gaeilge.

An gá do mo pháiste Gaeilge a bheith acu chun clárú sa Naíonra?

Ní gá go mbeadh Gaeilge ag do pháiste chun clárú sa Naíonra. Tugann muid tacaíocht do gach páiste astu féin, ar a leibhéal féin.

Cé mhéad seisiún atá agaibh in aghaidh an lae?

Reáchtálann Naíonra Naithí dhá sheisiún in aghaidh an lae. Bíonn an chéad sheisiún 8.20rn - 11.20rn agus an dara ceann 11.30rn - 2.30in le cóimheas 5:1 Páistí:Stiúrthóir i ngach seisiún.

An bhfuil táillí le híoc sa Naíonra?

Tá Naíonra Naithí rannpháirteach sa scéim ECCE (An bhliain réamhscoile saor in aisce i gcúram agus oideachas na luath-óige). Níl táillí le n-íoc ar son aon páiste faoin ár gcúram.

Cén aois is gá a bheith ag mo pháiste chun tosú sa Naíonra?

Glacann Naíonra Naithí le páistí os cionn trí bliana.

Conas a chláraíonn mé mo pháiste sa Naíonra?

Téigh i dteagmháil linn trí ríomhphost/glaoch fóin nó buail isteach chugainn chun foirm chlárúcháin a fháil.