Lá sa Naíonra

Ag Naíonra Naithí bíonn an tumoideachas sa Ghaeilge á úsáid araon le curaclam éiritheach bunaithe ar fhiosrúchán, trí mheán an tsúgartha, Montessori, ealaíne, ceoil agus nádúir. Ag úsáid taithí nithiúil, tugann muid tacaíocht do fhorbairt iomláin gach páiste astu féin trína bhfiosracht a chothú, díriú ar a láidreachtaí agus trína gcuid riachtanais a aithint. Trí thumoideachas sa Ghaeilge súfaidh na páistí isteach an teanga agus leis seo fásfaidh grá agus tuiscint don teanga.

Tá curaclam an Naíonra treoraithe ag téamaí Aistear -

  • Folláine & Leas

  • Féiniúlacht & Muintearas

  • Cumarsáid

  • Taiscéalaíocht & Smaointeoireacht

Creidimid go gcothaíonn ár gcuraclam foghlaimeoirí sona, muiníneach, fiosrach atá eolach agus aireach ar an domhan mórthimpeall. Beidh siad ag forbairt le grá don nádúr, grá dóibh féin agus le bá agus tuiscint dá chéile agus don phobal i gcoitinne.

Chun tacú lenár gcuraclam, oibríonn muid mar fhoireann, ag cumarsáid, ag pleanáil, ag breathnóireacht, agus ag machnamh ar gach gné. Bíonn muid ag obair go gníomhach leis na páistí chun a chinntiú gobhfuil siad sona agus sábháilte agus iad ag foghlaim trí mheán an tsúgartha.

Creidimid gur am an-speisialta i saol an pháiste é agus iad linne i Naíonra Naithí. Táimid ag leagan bunchloch a dtodhchaí.