Deireadh na bliana…

Tháinig deireadh na bliana orainn ar luas lasrach! Bhíomar chomh gnóthach ag tabhairt aire do na cruimheanna cabáiste (féach orthu sna cocúin!) agus ag foghlaim faoi shaolré na bhféileacán.

D’fhoghlaim na páistí go leor faoi Bhearnaí Beach agus an Bhóín Dé. Rinne siad piñata de bheach agus de bhóín Dé don sheachtain dheireanach sa Naíonra.


Bhíomar an-bhrónach ag fágáil slán leis na páistí atá ag bogadh ar aghaidh go scoil nua ach tá sceitimíní orainn ag smaoineamh ar an ré nua seo ina saol. Táimid ag tnúth go mór le cuid de na páistí a fheiceáil ar ais Mí Mheán Fómhair agus le fáilte a chur roimh na páistí nua!!